Ardaíonn sé mo chroí fáilte a chur romhaibh chuig suíomh greasáin Scoil Lachtaín Naofa. Is mór an phribhléid é dom bheith mar phríomhoide anseo i Scoil Lachtaín Naofa. Is scoil Ghaeltachta í Scoil Lachtaín Naofa. Tá sé mar aidhm againn grá agus dílseacht don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a chothú in ár ndaltaí agus go mbeadh teanga na scoile An Ghaeilge ar a dtoil acu ag fágaint na scoile. Táimid an-bhródúil as ár n-oidhreacht i Scoil Lachtaín Naofa.
Tá an t-ádh dearg liom go bhfuil foireann scoile iontach sa scoil, a chuireann oideachas d’ardchaighdeán ar fáil do ghach aon pháiste de ghach cumas, a fhreastalaíonn ar an scoil. Tá riachtanaisí na bpáistí tógtha san áireamh i gcónaí. Deintear deimhin de go mbaineann gach páiste buaic a gcumais amach fad a fhreastalaíonn siad ar an scoil.
Tá sé mar fheidhm againn mar scoil timpeallacht slán sábháilte a chruthú do na páistí. Áit a n-aithnítear uathúlacht agus indibhidiúlacht gach páiste agus a chothaítear cruthaitheacht. Creidimid anseo go bhfuil guth na bpáistí lárnach i saol na scoile agus an mana a tá againn ná ‘s iad na páistí cuisle agus croí na scoile.
Chomh maith leis sin is cuid tábhachtach de shaol na scoile an tacaíocht agus rannpháirtíocht d’ár dtuismitheoirí agus tá an t-ádh linn go bhfuil coiste gníomhach de thuismitheoirí againn, a thugann tacaíocht dochreidte don scoil. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!
