Ceol

Ranganna Ceoil

Bíonn ranganna ceoil sa scoil gach seachtain leis an gceoltóir Róisín Ní Riain.  Foghlamaíonn na páistí an fheadóg stáin.

Scéim an Aisling Gheal

Bíonn ranganna amhránaíochta ar siúl sa scoil le múinteoir Eibhlís.

 

Scór na bPáistí

Glacann páistí na scoile páirt i gcomórtais Scór na bPáistí gach aon bhliain.  Glacann siad páirt i gcomórtaisí amhránaíochta, rince, grúpaí ceoil, scéalaíochta, Tráth na gCeist agus ceol aonair.

 

Oireachtas na Samhna

Glacann na páistí páirt i gcomórtaisí Oireachtas na Samhna gach aon bhliain.  Bíonn lúibíní, agallamh beirte, amhránaíocht agus scéalaíocht ar siúl acu.