An Scoil

Is bunscoil chomhoideachais, Ghaeltachta, Chaitliceach í Scoil Lachtaín Naofa, i bparóiste Chill na Martra, Co. Chorcaí.

Cé go bhfuil éiteas Caitliceach ag an scoil seo, tá fáilte roimh chlannta le creideamh eile nó gan.

Leanann an scoil an clár churaclaim a chuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna i láthair.  ‘Sé ár sprioc ná go mbainfidh gach páiste fénár gcúram barr a c(h)umais amach, go hacadúil agus go sóisialta i dtimpeallacht spreagúil shábháilte.