
Táimid an-bhródúil as ár n-oidhreacht Ghaelach i Scoil lachtaín Naofa, déanaimid gach iarracht an cultúr agus an teanga Ghaelach a chaomhnú i gconaí. Tá ráiteas deas againn sa scoil a bhaineann leis an nGaeilge, sé sin “ Is breá linn an Ghaeilge labhair í le fáilte i Scoil Lachtaín Naofa.” Is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile. Déanann foireann na scoile, an Bord Bainistíochta agus Coiste na dTuismitheoirí a ngnó agus a gcumarsáid tré mhéan na Gaeilge. Múintear an Ghaeilge, ní hamháin mar ábhar scoile ach mar theanga bheo chumarsáide. Is í an Ghaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil don chéad uair. Is córas lánthumtha atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a mhúineadh go dtí go mbíonn an páiste i rang a haon.
