Coiste na dTuismitheoirí

Tá ról lárnach ag Coiste na dTuismitheoirí i Scoil Lachtaín Naofa.  Tá coiste gníomhnach againn anseo.  Cabhraíonn siad linn airgead a bhailiú don scoil agus tugann siad tacaíocht dúinn leis na hocáidí scoile.  Eagraíonn siad rudaí áille le haghaidh na páistí.  Is mór an chabhair iad don scoil.  Cuireann an coiste go mór le saol na scoile.  Ní neart go cur le chéile.